An Albáin
An Albáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republika e Shqipërisë (sq) | |||||
|
|||||
Aintiún | Hymni i Flamurit | ||||
Mana | «Ti Shqipëri, më jep nder, më jep emrin Shqipëtar» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Tiorána | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,811,655 (2023) | ||||
• Dlús | 97.8 hab./km² | ||||
Déamainm | Albánach | ||||
Teanga oifigiúil | an Albáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 28,748 km² | ||||
• Uisce | 5.7 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Aidriad, an Mheánmhuir agus an Mhuir Iónach | ||||
Pointe is airde | Korab (en) (2,764 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Aidriad (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | People's Socialist Republic of Albania (en) | ||||
Cruthú | 28 Samhain 1912 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | córas parlaiminteach | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na hAlbáine | ||||
• Uachtarán na hAlbáine | Ilir Meta (2017–) | ||||
• Príomh-Aire na hAlbáine | Edi Rama | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na hAlbáine | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 17,930,565,119 $ (2021) | ||||
Airgeadra | lek na hAlbáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .al | ||||
Glaochód | +355 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 127, 128 agus 129 | ||||
Cód tíre | AL | ||||
Cód NUTS | AL | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | kryeministria.al… |
Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea Poblacht na hAlbáine go foirmiúil (as Albáinis Republika e Shqipërisë nó Shqipëria). Tá daonra 3.03. mhilliúin aici. Is í Tiorána (Tiranë nó Tirana as Albáinis) an phríomhchathair agus an chathair is mó.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Albáin suite in iardheisceart Leithinis na mBalcán. Tá teorainneacha aici le Montainéagró (siar ó thuaidh), an Chosaiv (soir ó thuaidh), An Mhacadóin Thuaidh (soir) agus an Ghréig (ó dheas agus siar ó dheas). Tá imeallbhord aici ar chladach Thuaidh na Meánmhara, Muir Aidriad (siar) agus an Muir Iónach (siar ó dheas), áit a thosaíonn Riviera na hAlbáine. Tá an Albáin níos lú na 72km ón Iodáil, thar Caolas Otranto, a nascann Muir Aidriad leis an Muir Iónach.
Tá dhá chontae déag san Albáin:
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuaireadar a saoirse ón réimeas Otamán tar éis na gcianta cairbreacha timpeall an ama chéanna a bhain ‘Éire’ saoirse amach, sna 1920idí.[1]
Ghabh trúpaí na hIodáile agus na Gearmáine seilbh ar an Albáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
1944-1991
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir na Cumannaigh in aghaidh na Naitsithe, agus bhí Enver Hoxha i mbun na frithbheartaíochta. Shaor siad an tír sa bhliain 1994. Rinneadh stát Stailíneach den tír ina dhiaidh sin.
Bhí muintir na hAlbáine breis is daichead bliain faoi dhaorsmacht an deachtóra Enver Hoxha, ceannaire a d’imir an lámh láidir ar gach mac máthar acu. Bhí Hoxha mar Ard-Rúnaí ar an PPSH, Páirtí Oibre na hAlbáine, páirtí cumannach agus an t-aon pháirtí dlíthiúil sa tír.
Bhí an Albáin ar cheann de na tíortha cumannacha ba mheasa as ó thaobh easpa saoirse an duine de réir tuairiscí. Meastar gur cuireadh suas le fiche a cúig míle duine chun báis go héagórach le linn réimeas Hoxha.[1] Chun an tír a chosaint ó ionradh, thóg an rialtas 750,000 buncar no dúnán, creid nó ná creid agus atá le feiceáil fós timpeall na tíre.
Nuair a cailleadh an deachtóir úd i 1985, thapaigh Páirtí Daonlathach an deis ‘daonlathas’ a thriail tráth go raibh tíortha eile sa réigiún ag briseadh slabhraí an Chumannachais. Tháinig sé i gcumhacht sa bhliain 1992.
1992 ar aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ag stracadh leis an saol atá na hAlbánaigh bhochta riamh ó shin. Caimiléireacht is cíor thuathail go fairsing is iad ag iomrascáil le réalachas an tsaoil tar éis blianta fada daorsmachta.
Rinne crith talún drochdhíobháil don dtír in 2019. Measadh go raibh 10,000 duine a buaileadh sa chrith sin fós gan dídean cheart sa bhliain 2023.
Bhuail an galar Covid go tréan an Albáin, gan aon chabhair ná fóirithint cheart ag na hAlbánaigh ó údaráis na tíre.[1]
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2011 bhí Albáinis mar mháthairtheanga do 99% de dhaonra an Albáin.
Éire agus an Albáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Measadh go raibh dhá mhíle Albánach ina chónaí in Éirinn sa bhliain 2022.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (7 Samhain 2023). "TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-07.